Sustainability Data Specialist
Job Description & Overview
Speisialtóir Sonraí Inbhuanaitheachta
Post Buan Lánaimseartha
Baile Átha Cliath
Speisialtóir Sonraí InbhuanaitheachtaAg obair faoi: Bainisteoir Anailísíochta Sonraí
Is €53,566 - €73,492 an scála tuarastail don ról seo.
Is ar an gcéad phointe den Scála a thosóidh Iontrálaithe Nua san Earnáil Phoiblí.
Cuspóir
Is é fís Bhord Bia go n-aithneodh custaiméirí ar fud na cruinne go bhfuil bia agus deoch na hÉireann ar chaighdeán domhanda; go bhfuil siad ar ardcháilíocht, sainiúil, agus á ndéanamh ag réimse éagsúil táirgeoirí cruthaitheacha ó ionad oileánda uathúil agus ámharach. Is é an cuspóir atá againn bia, deoch agus gairneoireacht den scoth na hÉireann a chur os comhair an tsaoil mhóir agus fás agus inbhuanaitheacht na dtáirgeoirí a chothú.
Sa ról seo, déanfaidh tú bailiú sonraí inbhuanaitheachta a bhainistiú, ar sonraí iad a chuireann ar chumas Bhord Bia éilimh agus pointí cruthúnais a fhorbairt agus tacú leo maidir le hinbhuanaitheacht bhia agus dheoch na hÉireann agus a léiríonn don tionscal go bhfuil inbhuanaitheacht tháirgí déiríochta agus mhairteoil na hÉireann ag feabhsú go leanúnach.
- Comhordú a dhéanamh ar bhailiú, ar chomhtháthú, ar bhailíochtú agus ar cháilíocht sonraí inbhuanaitheachta ar fud Scéimeanna Dearbhaithe Cáilíochta Bhord Bia agus an Chláir Origin Green.
- Tuarascálacha, deaiseanna agus léargais anailíseacha a fhorbairt lena ndéantar faisnéis fhiúntach as sonraí inbhuanaitheachta casta do pháirtithe leasmhara agus lena dtacaítear le cinnteoireacht fhianaisebhunaithe.
- Baint a bheith agat le forbairt agus le feabhsú modheolaíochtaí tuairiscithe inbhuanaithe agus réiteach sonraí inbhuanaitheachta a thacaíonn le Scéimeanna Dearbhaithe Cáilíochta Bhord Bia agus leis an gClár Origin Green.
- Anailís a dhéanamh ar phróisis ghnó, ar shreafaí sonraí agus ar cheanglais tuairiscithe ar fud Scéimeanna Dearbhaithe Cáilíochta Bhord Bia agus an Chláir Origin Green, agus deiseanna a shainaithint chun feabhas a chur ar cháilíocht sonraí, ar chumais tuairiscithe agus ar éifeachtacht an chórais.
- Oibriú le foirne teicniúla agus le soláthraithe seirbhíse chun tacú le cur i bhfeidhm na bhfeabhsuithe tuairiscithe, sonraí agus córais a fheabhsaíonn torthaí Scéimeanna Dearbhaithe Cáilíochta Bhord Bia agus an Chláir Origin Green.
- Comhordú a dhéanamh ar shruthanna oibre laistigh de AgNav agus ar thionscnaimh inbhuanaitheachta eile a thacaíonn le Scéimeanna Dearbhaithe Cáilíochta Bhord Bia agus an Chláir Origin Green.
- Sonraí inbhuanaitheachta, léargais anailíseacha agus aschuir tuairiscithe a chur i láthair páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha agus saineolas ar ábhar a chur ar fáil maidir le sonraí inbhuanaitheachta agus tuairisciú.
- Buiséid shannta a bhainistiú agus tacú le comhlíonadh RGCS, rialachais sonraí agus nósanna imeachta rialaithe Bhord Bia.
- Baint a bheith agat le tionscnaimh feabhsúcháin leanúnaigh agus le caighdeáin, beartais agus creataí rialachais Bhord Bia a chur i bhfeidhm ar na sonraí inbhuanaitheachta agus na gníomhaíochtaí tuairiscithe go léir.
Tú Féin
Taithí, Scileanna & Inniúlachtaí Riachtanacha
Taithí:
- Beidh taithí 3-4 bliana i ról den chineál céanna ag an té a cheapfar.
- Taithí ar thacair chasta sonraí a anailísiú agus a léirmhíniú chun léargais a ghiniúint, treochtaí a shainaithint agus chun tacú leis an gcinnteoireacht.
- Taithí ar cheanglais ghnó a bhailiú, a anailísiú agus a dhoiciméadú chun réitigh tuairiscithe, anailíseacha agus sonraí a chur ar fáil.
- Taithí ar thuarascálacha, deaiseanna, léirshamhlú sonraí agus aschuir thagarmharcála a fhorbairt do réimse páirtithe leasmhara.
Scileanna & Inniúlachtaí:
- Cur chuige atá dírithe ar cháilíocht, an-aird ar mhionsonraí agus tiomantas do thascanna a chur i gcrích agus gealltanais a chomhlíonadh.
- Cumas oibriú go héifeachtach le páirtithe leasmhara gnó agus teicniúla, agus tosaíocht a thabhairt do thionscadail iomaíocha chun sonraí, tuairisciú agus tionscnaimh a bhaineann le córais a chur ar fáil.
- Sárscileanna, cumarsáide, anailíseacha agus réitigh faidhbe. Cumas coincheapa casta teicniúla nó anailíseacha a mhíniú go soiléir do lucht spéise neamhtheicniúil.
Is Fostóir Comhionannas Deiseanna é Bord Bia:
Sochaí inar comhionann gach duine atá uainn. Tuigimid gur riachtanach gur áit oibre chothrom a bheidh san fhondúireacht seo againne, áit a n-aithnítear gradam agus fiúntas gach duine agus a dtugtar an tsaoirse agus an deis dár bhfostaithe barr a gcumais a bhaint amach. Is mian linne go mbeidh tú in ann gach gné díot a féin a thabhairt chun na hoibre le gur fearr a bheidh tú in ann do dhícheall a dhéanamh agus do chuid cuspóirí a fhíorú agus tú ar thuras do ghairme linn. Tá údáil ár gcliant, custaiméirí agus margaí le feiceáil inár lucht saothair atá lán buanna agus lán éagsúlachta, agus baintear leas as réimse a gclint. Nuair a bhaintear gach leas as an réimse leathan dearcthaí atá ann mar gheall ar an éagsúlacht seo, cuirtear an nuálaíocht chun cinn agus cuidiú atá ann dúinn éirí níos fearr ó thaobh cruthaitheachta agus iomaíochta de.
Tá Bord Bia meáite ar rochtain chothrom iomlán a thabhairt do gach iarrthóir earcaíochta a oiread agus is praiticiúil é sin a dhéanamh. Má bhíonn aon tacaíocht nó socrú de dhíth ort sa phróiseas earcaíochta, déan teagmháil linn go díreach ag an seoladh
#J-18808-LjbffrReady to apply for this vacancy?
This driving opportunity is hosted on CV-Library. Click below to view the official posting and submit your application.
Key Details
- Date Posted: 02 Oct 2026
- Location: dublin
- Employment Type: Permanent
- Category: Management & Leadership
Need an updated driver CV?
Build an ATS-optimised transport CV in 5 minutes with professional templates.
Build Free CV NowEmployer Information
Bord Bia - The Irish Food Board
Verified Transport EmployerVerified transport and logistics firm operating commercial fleets across the UK network.
More Jobs at Bord Bia - The Irish Food Board